Mayo Gaeltacht company receives top Taste award

THE Irish water company Fíor Uisce, located in Tuar Mhic Éadaigh in the Mayo Gaeltacht, have been awarded the Superior Taste Award by the International Taste Institute, the only Irish bottled water company to receive the award in 2022.

The accolade is granted solely to products that meet or exceed the expectations of internationally recognised chefs and sommeliers. To receive an award, products must receive a tasting score of above 70%.

Údarás na Gaeltachta have extended congratulations to Fíor Uisce, one of the many companies supported by Údarás na Gaeltachta that are now producing top quality food and drink products in all the Gaeltacht regions.

Gradam Idirnáisiúnta bronnta ar chomhlacht uisce Gaeltachta i Maigh Eo

Tá an gradam Blas den Scoth bronnta ag an Institiúid Idirnáisiúnta Blaise ar an gcomhlacht Fíor Uisce, atá lonnaithe i dTuar Mhic Éadaigh, as caighdeán an táirge atá á chur ar fáil acu. Deir an comhlacht gur údar mórtais dóibh é gurb é Fíor Uisce an t-aon uisce Éireannach a bhain an gradam seo amach i 2022.

Le linn an phróiseas roghnúcháin, bíonn na huiscí á dtástáil ag saineolaithe bia agus dí a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu agus ní bhronntar an gradam ach ar na táirgí a bhaineann amach scór blaise níos airde ná 70%.

Déanann Údarás na Gaeltachta comhghairdeas le Fíor Uisce, ceann den méid mór comhlachtaí atá, le tacaíocht ón Údarás, ag cur táirgí bia agus dí den chéad scoth ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta sa tír.