Children from seven Mayo Gaeltacht schools to run a marathon

OVER 1,430 primary school children from 42 Gaeltacht schools in nine areas across five counties in the Gaeltacht - including 155 children from the seven Gaeltacht scheme schools in the North Mayo (Erris) Gaeltacht area - have started an eight-week programme during which they will complete Maratón na bPáistí and learn about the importance of being active.

They will run or walk a specified distance around the school yard four days a week, increasing the distance every week until they have run or walked a full marathon, 42.2km. Each day they run they will also follow lessons to learn about the physical, mental, educational and social benefits of being active.

The initiative is being coordinated by Irish language planning officers of the Gaeltacht, in conjunction with Marathon Kids Ireland, who devised the programme and have been running it successfully in Dublin schools for the past eight years. This is the third consecutive year that Maratón na bPáistí has taken place in the Gaeltacht.

Laoise Ní Dhúda, language planning officer with Gaeilge Iorrais, explained: “155 children from Gaeltacht scheme schools in Erris are participating in Maratón na bPáistí this year. This is a wonderful opportunity to become fitter, more confident and to learn about the importance of physical activity, nutrition and hydration.

“From a language planning perspective, it provides an opportunity for children to socialise and engage in activities trí mheán na Gaeilge with friends and classmates in the school yard.

“We wish all of the children and their teachers taking part in Maratón na bPáistí the best of luck, go n-éirí go geal libh!”

Children will run the final mile of Maratón na bPáistí on Friday, November 11, when they will be awarded special medals and t-shirts which have been provided by each local language planning office.

Tá os cionn 1,430 páiste as 42 bunscoil Ghaeltachta i 9 gceantar éagsúil atá suite i gcúig chontae difriúil fud fad na Gaeltachta ag glacadh páirt sa Mharatón seo - 155 páiste as an 7 bhunscoil Ghaeltachta in Iorras Mhaigh Eo san áireamh – nach iontach iad! Go n-éirí go geal leofa.

Cuireadh tús leis an gclár 8 seachtaine seo Dé Luain 12 Meán Fómhair agus déanfar an míle deireanach den Mharatón Dé hAoine 11 Samhain 2022. Le linn na tréimhse sin, rachaidh na páistí amach sa chlós scoile agus siúlfaidh nó rithfidh siad beagánín níos mó chuile sheachtain go dtí go mbeidh Maratón iomlán, 42.2km déanta acu. Foghlaimeoidh siad faoi chúrsaí sláinte agus na buntáistí a bhaineann le haclaíocht a dhéanamh ag an am céanna.

Tá leabhar oibre i nGaeilge curtha ar fáil do na daltaí le ceithre cheacht sa tseachtain, ag cur síos ar an gcaoi a n-oibríonn an croí, an tábhacht a bhaineann le cothú ceart agus na buntáistí folláine, oideachais, sóisialta agus pobail a roinneann le haclaíocht.

Críochnóidh siad an Maratón Dé hAoine 11 Samhain nuair a rithfidh siad an míle deireanach den Mharatón. Bronnfaidh Gaeilge Iorrais t-léinte agus boinn speisialta orthu ag ócáid cheiliúrtha ansin. Is iad Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta atá ág reáchtáil Maratón na bPáistí i gcomhar le Marathon Kids Ireland.

Mar a mhínigh Laoise Ní Dhúda, oifigeach pleanála teanga le Gaeilge Iorrais: “Tá ríméad orainn go bhfuil an oiread sin scoileanna ó cheann ceann na Gaeltachta ag glacadh páirt sa chomhthionscnamh tairbheach seo. Tá an-tábhacht le gníomhaíochtaí a dhéanamh amuigh faoin aer, go mór mór na laethanta seo.

“Beidh deiseanna ag na páistí téarmaíocht nua agus eolas nua i nGaeilge a fháil maidir le cúrsaí sláinte agus aclaíochta. Ní hamháin sin ach beidh deis acu an t-eolas nua sin a úsáid trí mheán an spóirt i gclós na scoile. Guíonn muid gach ádh ar na páistí agus a gcuid múinteoirí leis an dúshlán aclaíochta seo.”