Cumann Luthchleas Gael ag tapú an deis
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán tseoil sa chontae seo faoi láthair agus guíonn an Connaught Telegraph gach ráth ar na himeachtaí uilig atá eagraithe fud fad an chontae.
Mar is gnáth linn anseo táimid thar a bheith sásta tacú leo agus ár gcion féin a dhéanamh ar mhaithe le forbairt agus caomhnú na teanga.
Is léir ón Leathanach Ghaeilge in eagrán an lae inniu go bhfuil clubanna CLG an chontae seo go mór chun tosaigh i gcur chun cinn na Gaeilge.
Le bliain nó dhó anuas tá CLG na Mistéalaigh, CLG Choillte Mach, Gaeil Mhaigh Eo agus clubanna eile chomh maith, go mór chun tosaigh ina gcuid iarrachtaí agus ard-gradaim bainte amach acu i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Tréaslaimid leo agus impíonn muid ar chlubanna eile páirt a ghlacadh sa bhFondúireacht.
Tuigeann muid ó Ghlór na nGael go bhfuil leath-scór club cláraithe don bhliain reatha agus is mór an dul chun cinn é sin.
Tá súil againn go mbeadh na clubanna atá ag glacadh páirte le blianta beaga anuas mar eisimleár agus mar theimpléid do chlubanna eile atá direach tosaithe amach ar an mbóthar seo.
Idir chomharthaíocht dá-theangach, laethanta teaghlaigh, Scór, ranganna Ghaeilge, Ciorcal Cainte, cóitseáil trí Ghaeilge, Gaeilge sna meáin síóisialta agus go leor leor eile tá an t-uafás ar siúl i gclubanna CLG timpeall an chontae chun ár dteanga ársa a chur chun cinn.
Bhí sé d’aidhm ag Seosamh Mac Donncha go mbeadh an Ghaeilge fite fuaite in imeachtaí uile an Chumainn agus níl aon amhras faoi ach go mbeadh sé an-sásta leis an bhforbairt atá déanta ag na clubanna éagsúla atá tar éis leas a bhaint as an scéim seo.
Is iontach an comhoibriú atá le feiceáil anseo idir Chumann Lúthchleas Gael agus Glór na nGael, a eagraíonn an Fhondúireacht.
D’fhág Seosamh Mac Donnacha, Gaillimheach agus Iar-Uachtaráin an CLG, saibhreas ina dhiaidh: saibhreas an cheoil agus na hamhránaíochta, saibhreas na hoiliúna agus an oideachais, saibhreas na crógachta agus saibhreas físe don todhchaí.
Ach is é saibhreas na Gaeilge an ceann ba ghaire dá chroí, an saibhreas sin as ar fáisceadh é agus é i measc a chuid gaolta agus cairde i bparóiste Charna i gConamara.
Trí chlárú leis an Fhondúireacht tá clubanna an CLG ag tabhairt tiomantais go gcuirfear an Ghaeilge chun cinn go gníomhach agus go dtabharfar spás lárnach di i saol laethúil an chluib.
Tá dul chun cinn fiúnta curtha i gcrích ag an bhfondúireacht ó bunaíodh í agus tá súil againn go scaipfear an soiscéal a thuilleadh.
Scéim iontach atá inti a thugann deis do chlubanna fud fad na tíre an Ghaeilge a úsáid ar bhonn taitneamhach agus ar bhonn praiticiúil.
Bain triail aisti!