Údarás na Gaeltachta launches 2025 Tourism Development Scheme
TÁ áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Scéim Forbartha Turasóireachta 2025 á seoladh, ag tógáil ar rath na scéime píolótaí a reáchtáladh idir 2018-2024. Cuirfear maoiniú suas le €40,000 in aghaidh na bliana ar fáil do thionscadail turasóireachta Gaeltachta.
Díríonn an scéim ar thrí phríomhréimse: áiseanna turasóireachta atá ag feidhmiú cheana féin, tionscadail nua atá á bhforbairt, agus tograí pobail. Tá tacaíocht ar fáil ar feadh tréimhse suas le trí bliana, ag brath ar chatagóir an togra.
Mar chuid den scéim, beidh deis ag gach oifigeach turasóireachta páirt a ghlacadh i gclár foghlama cuimsitheach, lena n-áirítear cruinnithe míosúla, meantóireacht agus oiliúint leanúnach.
Reáchtálfar seisiúin eolais ar líne ar an 16ú agus 22ú Eanáir 2025. Tá sé éigeantach freastal ar ceann de na seisiúin seo. Chun clárú is gá ríomhphost a sheoladh chuig meadbh.seoighe@udaras.ie le 'scéim turasóireacht' sa líne ábhair.
Dúirt Meadbh Seoighe, bainisteoir turasóireacht, Údarás na Gaeltachta: "Léiríonn an scéim seo ár dtiomantas d'fhorbairt inbhuanaithe na turasóireachta sa Ghaeltacht. Le linn na scéime píolótaí, ghlac 18 gnó páirt agus tá muid ag súil le tógáil ar an rath sin."
Is é an spriocdháta maidir le hiarrtas a dhéanamh ná 04/02/2025.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil ag https://bit.ly/3WbpdKW.
Údarás na Gaeltachta has announced the launch of its 2025 Tourism Development Scheme, following the successful completion of its 2018-2024 pilot programme. The new scheme will provide funding of up to €40,000 annually for qualifying Gaeltacht tourism initiatives.
The scheme targets three strategic areas:
* Enhancement of existing tourism facilities
* Development of new tourism ventures
* Community-led tourism initiatives
Support packages will extend up to three years, with duration varying based on project classification.
The programme features a comprehensive professional development component, offering tourism officers access to regular monthly networking sessions, one-on-one mentoring, and continuous professional development training.
Two mandatory online information sessions have been scheduled:
Wednesday, January 16, 2025
Tuesday, January 22, 2025
Registration is required by emailing meadbh.seoighe@udaras.ie with "tourism scheme" in the subject line.
Commenting on the launch, tourism manager Meadbh Seoighe stated: "This enhanced scheme reflects our ongoing commitment to sustainable tourism development across the Gaeltacht regions. The pilot programme's success, which engaged 18 businesses, has laid a strong foundation for this next phase."
Application Details:
Deadline: February 4, 2025
Application form: Available online at https://bit.ly/3WbpdKW.