Craobh Dhúiche Sheoigheach le teacht ar cuairt chuig Craobh Iorrais
CUIRFEAR fáilte mhór Mhaigh Eo roimh thoscaireacht de ocht dteaghlach ó Chraobh Dhúiche Sheoigheach CCÉ chuig Gaeltacht Iorrais an deireadh seachtaine seo.
Tá Craobh Iorrais CCÉ i gcomhar le Gaeilge Iorrais ag eagrú sraith imeachtaí mar chuid den deireadh seachtaine speisialta seo.
Tá teacht le chéile ceolmhar sultmhar gaelach ar na bacáin againn do theaghlaigh agus do dhaoine óga as dhá chraobh Ghaeltachta de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (Iorras agus Dúiche Sheoigheach).
Féasta de cheol traidisiúnta, amhránaíocht ar an sean-nós, damhsa, seanchas agus comhrá Gaeilge a bheidh ann. Cuirfear béim faoi leith ar na healaíona dúchasacha seo agus ar dheiseanna sóisialaithe i nGaeilge a chur ar fáil d’óige agus do mhuintir na nGaeltachtaí seo agus muid ag súil le gréasáin an cheoil agus na Gaeilge a láidriú idir an dá chraobh Ghaeltachta seo.
I measc na n-imeachtaí atá ar na bacáin againn ón Aoine 7 - Domhnach 9 Márta do pháistí agus do dhaoine fásta ón dá chraobh, tá:
• Seisiún cheoil agus amhránaíochta na n-óg a bheidh ar siúl in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Dé hAoine 7 Márta ó 7 - 9.
• Club UISCE nó spraoi, sóisialú agus tógáil foirne i nGaeilge don aos óg i gColáiste UISCE, Cuan Eilí, Dé Sathairn 8 Márta.
• Ceardlann scéalaíochta agus ealaíne do thuistí agus páistí óga i Solas ar an Eachléim.
• Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga leis an amhránaí áitiúil Síle Uí Mhongáin.
• Máistir-rang sa bhosca ceoil leis an gceoltóir iomráiteach as Iorras Fiachna Ó Mongáin.
• Seisiún ceoil don teaghlach sa Trá Bhuí i nDumha Thuama, Dé Sathairn ó 7 - 9 i.n.
• Ina dhiaidh sin, tionólfar oíche shóisialta speisialta do dhaoine fásta sa Trá Bhuí i nDumha Thuama oíche Dé Sathairn ó 9 i.n. Beidh seisiún ceoil le plúr na gceoltóirí áitiúla, taispeántas ó dhamhsóirí Iorrais, céilí agus oíche airneáin.
• Cuirfear clabhsúr leis an deireadh seachtaine maidin Dé Domhnaigh le siúlóid treoraithe ar Lúb na Binne Buí, i gCeathrú Thaidhg.
Jenny Mhic Cába, Cathaoirleach, Comhaltas Dhúiche Sheoigheach: “Tá muid thar a bheith sásta a bheith ag teacht ar cuairt chuig ceantar Iorrais. Tá an-cháil ar Iorras mar gheall ar a chuid ceoil agus amhránaíochta. Tá spéis faoi leith sa chultúr agus sa teanga le sonrú ann. Tá an dá cheantar an-chosúil lena chéile. Tá muid ag súil go mór leis an deireadh seachtaine a chaitheamh ann.”
Ferdia Ó Mongáin, oifigeach Gaeilge, Craobh Iorrais: “Tá Craobh Iorrais de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann thar a bheith sásta an nasc seo le Craobh Dhúiche Sheoigheach CCÉ a chothú idir ár gcraobhacha Gaeltachta. Táimid ag súil go mór le deireadh seachtaine torthúil, taitneamhach agus gaelach. Tús maith, leath na hoibre.”
Laoise Ní Dhúda, oifigeach pleanála teanga, Gaeilge Iorrais: “Is mór ag Gaeilge Iorrais tacú leis an teacht le chéile speisialta seo. Tá súil againn go mbainfidh muintir na háite seo agus muintir Dhúiche Sheoigheach araon sult as ceol, saibhreas agus as cultúr sainiúil na Gaeltachta seo i gcomhluadar a chéile. Beidh deis camchuairt a thabhairt ar phócaí éagsúla na Gaeltachta seo i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Bígí linn ón Aoine 7 – Domhnach 9 Márta.”
Comhaltas Dhúiche Sheoigheach to visit Craobh Iorrais this weekend
A huge Mayo welcome awaits a delegation of eight families from Craobh Dhúiche Sheoigheach branch of Comhaltas when they visit the Erris Gaeltacht this weekend.
Craobh Iorrais or the Erris local branch of Comhaltas, in partnership with Gaeilge Iorrais, are organising a series of Irish language events as part of this special weekend. They are planning a fun and exciting Irish music gathering for families and young people from these two Gaeltacht branches of Comhaltas Ceoltóirí Éireann (Iorras and Sheoigheach).
A feast of traditional Irish music, sean-nós singing, dancing, storytelling and Irish language conversation is in store. Particular emphasis will be placed on these traditional arts and on providing opportunities for socialising in Irish for the youth and people of these Gaeltacht areas as we look to strengthen the musical and linguistic links between these two Gaeltacht branches.
Among the events we have planned from Friday to Sunday, March 7 – 9, for children and adults from both branches are:
• A junior music and singing session which will be held in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, on Friday, March 7, from 7 - 9.
• Club UISCE or fun, socialising and team building in Irish for young people in Coláiste UISCE, Cuan Eilí, on Saturday, March 8.
• Storytelling and art workshop for parents and young children in Solas ar an Eachléim.
• A sean-nós singing workshop for young people with local singer Síle Uí Mhongáin.
• An accordion masterclass with renowned musician from Iorras Fiachna Ó Mongáin.
• Family music session at Tra Bhuí in Dumha Thuama, Saturday from 7- 9 p.m.
• Afterwards, a special social evening for adults will be held at Trá Bhuí in Dumha Thuama on Saturday night from 9 p.m. There will be a music session with local musicians, a performance by Erris dancers, a céilí and a night of airneáin.
• The weekend will conclude on Sunday morning with a guided walk on Lúb na Binne Buí, in Ceathrú Thaidhg.
More information:
• The youth session in Áras Inis Gluaire on Friday will be a family event for parents and children together.
• There will be no cost for the events but you must register in advance and adhere to the Irish language policy that will be in place. Registration is required for the young people's events, namely (i) Club UISCE (which is currently full with a long waiting list) and (ii) a storytelling and art workshop for parents and young children in Eachléim (Saturday). More information at oifig.gi@gmail.com.
• Guided walk on the Lúb na Binne Buí loop will go ahead subject to weather and demand. Register with Éimear at oifig.gi@gmail.com.
• The latest information and any updates will be shared on @gaeilgeiorrais social media.
Said Jenny Mhic Cába, chairperson, Comhaltas Dhúiche Sheoigheach: “We are very happy to be visiting the Erris area. Erris is very famous for its music and singing.
“There is a great interest in the culture and language in Erris. The two areas are very similar to
each other. We are really looking forward to spending the weekend there.”
Added Ferdia Ó Mongáin, Irish language officer, Craobh Iorrais: “Craobh Iorrais branch of Comhaltas Ceoltóirí Éireann is delighted to foster this link with a fellow Gaeltacht branch of Dúiche Sheoigheach. We are looking forward to a productive, enjoyable and Irish-language weekend. Tús maith leath na hoibre.”
Laoise Ní Dhúda, language planning officer, Gaeilge Iorrais, said: “Gaeilge Iorrais is delighted to support this special Irish-language gathering. We hope that both the people of this region and the people of Dúiche Sheoigheach will enjoy the music and the unique culture of this Gaeltacht in each other's company. Fáilte roimh chách.”